Tá Féile Scannán an Daingin ag tairiscint duais airgid €5,000 don Togra Gearrscannán as Gaeilge is fearr.
Tá áthas ar Fhéile Scannán an Daingin an dara ‘Físín’ a fhógairt. Fáiltímid roimh iarratais ar thograí gearrscannán i nGaeilge.
D’éirigh go h-iontach le comórtas na bliana seo d’imigh tharainn. Chríochnaigh an buaiteoir, Cathal Ó Cuaig, a dhuais-scannán (An Cluiche) ag deireadh 2011.
Gheobhaidh an buaiteoir duais airgid €5,000 maraon le luach €1000 de threallamh soilsithe urraithe ag comhlucht Chian de Buitléar, Teach Solais.
Roghnófar cúigear scannánóir chun teacht go dtí an chéad Féile Scannán an Daingin eile a sheolfar ar Lá Fhéile Pádraig 2011. Beidh an cúigear mar aoínna speisialta ag an bhféile agus tabharfar an deis dóibh a dtograí a chur i láthair an phainéil le linn na féile. Tá painéal iontach curtha le chéile, lena n-áirítear Éamon de Buitléar féin, scríbhneoirí áitiiúla Louise Ní Fhiannachta agus Marina Ní Dhubháin agus Cathal Watters(Muide Éire).
Tá an deis seo á cur ar fáil ag an bhféile chun spreagadh a thabhairt do scríobh scripteanna scannán as Gaeilge. Tor Cotton, duine d’urraithe na féile a mhol an tuairim.
Tá an comórtas dírithe orthu siúd a bhfuil péis speisialta i scannáin maraon le díograis don Ghaeilge acu. Is mian leis an bhféile tograí a fheiceáil ó na canúintí áitiúla go léir. Tá an comórtas oscailte do dhaoine aonair nó grúpaí, do mhic léinn na hIdirbhliana agus ar aghaidh suas go dtí scannánóirí gairmiúla. Tá foirm iarratais ar fáil le híoslódáil ar www.dinglefilmfestival.com nó is féidir rphost a sheoladh go fisin@dinglefilmfestival.com. Is é an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais ná 31ú Eanáir, 2011.
Bronnfar duais airgid €5,000 agus luach €1,000 de threallamh soilsiúcháin ar chíos, ar an gcur i láthair rathúil ag an bhféile agus fillfidh siad ar an nDaingean lena scannán críochnaithe i 2013. Bronnfar leabhar nótaí cuimhneacháin leathair ar an gcúigear scannánóir, leathar deartha ag Conor Holden.
Is ag Féile Idirnáisiúnta Scannán an Daingin a bronntar Gradam Gregory Peck, gradam atá buaite cheana féin ag Gabriel Byrne, Cillian Murphy, Jim Sheridan, Sir Alan Parker, Saoirse Ronan agus Sarah Miles. Beidh an 6ú Féile sa Mhárta seo chugainn. Seolfar í ar an 15ú Márta agus leanfaidh sí ar aghaidh go dtí an 18ú Márta 2012.
Breis eolais ar Físín: Brenda Ní Shúilleabháin ar 066 9152665/087 2999616 nó rphost fisin@dinglefilmfestival.com
Dingle International Film Festival offers €5,000 cash prize for Irish language Short Film Proposal.
The Dingle International Film Festival is delighted to announce the second ‘Físín’, a call to filmmakers to submit a short film proposal in the Irish language.
The competition was a wonderful success last year. The winner was Cathal Ó Cuaig who finished filming his winning script (An Cluiche) at the end of 2011.
The winner of the competition will receive a cash prize of €5,000 and €1,000 worth of lighting equipment hire sponsored by Cian de Buitléar’s company Teach Solais.
Five filmmakers will be selected to travel to the next Dingle International Film Festival in March. Each of the five will be treated as festival guests and will be given the opportunity to pitch their proposal to a panal during the festival. A wonderful panel has been put together, including, writer Louise Ní Fhiannachta, writer Marina Ní Dhubháin and director Cathal Watters(Muide Éire).
The opportunity has been put together by the festival to encourage writing of film scripts in the Irish language. Tor Cotton, one of the festival sponsors came up with the idea.
The competition is aimed at people who combine a special interest in film alongside a commitment to the Irish language. The festival is keen to see proposals from all local dialects. This opportunity is open to any individual or group from Transitional students right through to professionals. The application is available to download at www.dinglefilmfestival.com or you can email fisin@dinglefilmfestival.com. The closing date for entries is Febuary 17th 2012.
The winning pitch at the festival will receive €5,000 cash prize and €1,000 worth of rental lighting equipment and will return to Dingle with their finilised film in 2013. Each finilist will also receive a personalised commemorative leather notebook designed by Conor Holden and full access to the festival.
The Dingle International Film Festival, established in 2007, home to The Gregory Peck Award and who’s guests have included Gabriel Byrne, Cillian Murphy, Jim Sheridan, Sir Alan Parker, Saoirse Ronan & Sarah Miles, will have its 6th edition next March opening the 15th March and running until Sunday the 18th March 2012.
For further information please contact Brenda Shúilleabháin:
on 066 9152665/087 2999616 or email fisin@dinglefilmfestival.com.