Venue: AN LAB
Date / Dáta: Saturday 16th March
Time / Am: 6pm
Cost / Costas: €6

BOOK NOW

Físín Winner 2012/ Buaiteoir Físín 2012: STUAMA

16mins05sec/Colour/Ire/2013/Blu-ray
Director / Stiúrthóir: Paul Webster
Producer / Léiritheoir: Eamon de Staic

Téann Dáithí ar thaisteal go drogallach i measc na sléibhte chun seal a chaitheamh le Tadhg, fear dithreabhach, aonaránach nár bhuail sé leis riamh roimhe seo. Le linn an scéil nochtar dúinn cén fáth an bhfuil Dáithí anseo agus an méid cosúlachtaí atá idir an bheirt fhear.

David reluctantly travels to the mountains to spend time with Tadgh, a reclusive man he has never met before. Over the course of the story we discover why David has come here and what the two men have in common.

Am an Ghátair: In Ainm an Mhic

45mins/2012/Ireland/Colour/Blu Ray
Director / Stiúrthóir: Paddy Hayes
Producer / Léiritheoir: Iara Nic Chormaic
Cast: Elva Trill, Pius McGrath
Synopsis:

Fíorscéal dochreidte faoi Josephine Brown baintreach óg a bhí ag obair do na Sasanaigh i mBeairic Victoria i gCorcaigh sa bhliain 1919. Théis di cás caomhnóireachta a mic a chailleadh i Sasana, rinne sí margadh leis an IRA go ndéanfadh sí spiadóireacht dóibh, ar an gcoinníol go ndéanfadh an IRA a mac a fhuadach ó chlann a athair i Sasana.

Ní hé seo an cineál tairiscint a fhaightear chuile lá ach seo an rogha a thug Josephine Brown do Florrie O’Donoghue, Ciarraíoch a bhí ag obair mar Oifigeach Fáisnéise do chuid an IRA i gCorcaigh sa bhliain 1919. Is maith a thuig Florrie go raibh sé ag snámh in aghaidh easa ina bhfeachtas treallchogaíochta gan eolas aige ar fhórsaí slándála an chathair, agus bhí Josephine ag iarraidh theacht ar bhealaí lena mac a fháil ar ais… Is é an gátar a tharraing an bheirt seo le chéile ach nuair a théadh an chúis go cnámh an uillinne, an gcoinneodh an bheirt acu a dtaobh den mhargadh?

The extraordinary true story of Josephine Brown, who agreed in 1919 to spy for the IRA in Cork’s Victoria Barracks on condition that the IRA kidnap her son from her in-laws in the UK. When Josephine lost custody of her eldest child in the English courts, she returned bereft to her secretarial job in Cork’s Victoria Barracks thinking that she would never see her son again.

Meanwhile, the IRA’s intelligence officer, Florrie O’Donoghue, desperately needed spies in the British administration to wage his intelligence war in the city. When they met, Josephine knew that she had a strong bargaining position, but would she be able to convince the IRA to execute this daring child abduction in a foreign jurisdiction? What ensues is a high-stakes game between spy and spymaster.

Bás Arto Leary/The Death Of Arto Leary

25mins/2012/Ireland/Colour /Blu Ray
Director / Stiúrthóir: Luke McManus
Producer / Léiritheoir: Ciaran O’Cofaigh
Writer / Scríbhneoir: Manchán Magan

Synopsis:
Oíche amháin téann gaige áitiúil i ngleic leis an mbean mícheart. Nuair a fhaightear amach go bhfuil sí ag súil…. Sochraíonn a bhean Eileen ar sheasamh suas di féin…….

Local boyo Arto Leary gets into a tangle with the wrong woman one night. When the worst eventually happens, his wife Eileen decides to stand up for herself…

El Toro

13mins/2012/Colour/Ire/DVD

Director / Stiúrthóir: Tomás Seoighe
Editor / Eagarthóir: Seán Ó Caollaí

Synopsis:
Tá bulaíocht á déanamh ar Chian gach lá ar scoil agus níl an saol sa bhaile puinn níos fearr. Go tobann faigheann sé deis meas na ndaoine a thuilleamh trí dul i ngleic le tarbh……sa stíl Matador!!

Cian is constantly bullied at school and his home life isn’t much better. Suddenly an opportunity arises to gain the respect of those around him by going head to head with a bull…Matador style!


Pin It on Pinterest

Share This